Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Músaem an Gharda Síochána ag Caisleán Bhaile Átha Cliath

Músaem an Gharda Síochána, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Ta Músaem agus Cartlann na nGardaí lonnaithe i bhFoirgneamh Taisce, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Tá taispeántas suimiúil maidir le stair an Gharda Síochána le fáil ag an gcuairteoir, chomh maith le faisnéis faoi phóilíneacht in Éirinn roimh 1922. Tá Sáirsint amháin agus fostaí sibhialtach amháin i mbun na háite. Is féidir le daoine atá i mbun taighde a bhfuil baint aige le póilíneacht, tabhairt faoi sa Mhúsaem agus sa Chartlann. I measc na ndéantúsán atá ann, tá grianghraif agus doiciméid ina dtugtar léargas ar stair agus ar fhorbairt na póilíneachta in Éirinn sa 19ú agus san 20ú haois. Tá roinnt fhoilseacháin fíor shuimiúla atá bainteach le cúrsaí póilíneachta sa Mhúsaem.

Caithfidh Cartlannaí an Gharda Síochána tús áite a thabhairt d’ oibleagáidí reachtúla i dtaca le bainistiú taifid. Coinnítear cartlann an Gharda Síochána i dTaisclann Náisiúnta an Gharda Síochána. 

museum 2

Uaireanta Oscailte:

Osclófar Músaem an Gharda Síochána ar an láthair úr ag an bhFoirgneamh Taisce, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an Luan 14ú Lúnasa 2017.

Beidh an Músaem oscailte gach lá idir 10 a.m agus 2 p.m ón Luan 14ú Lúnasa go dtí an Aoine 20ú Lúnasa. Is féidir teacht ar ghrianghraif a glacadh sa Mhúsaem, anseo.

Sonraí Teagmhála: 01-6669998 nó tríd an ríomhphost museum@garda.ie

Ta bailiúchán mór de ghrianghraif ar fáil ach cliceáil anseo.

museum 4

Músaem agus Ionad Cuairteoirí Choláiste an Gharda Síochána, An Teampall Mór

Osclaíodh Músaem agus Ionad Cuairteoirí Choláiste an Gharda Síochána i 2015 agus bhí sé ina chuspóir, faisnéis a chur ar fáil do chuairteoirí faoi mhodhanna ina ndearnadh coireanna a  fhiosrú, a aimsiú agus a chosc roimhe seo agus faoi mar a dhéantar é  i láthair na huaire.  I measc na dtaispeántas, tá déantúsáin stairiúla póilíneachta chomh maith le hearraí ó oidhreacht leithleach mhíleata Choláiste an Gharda Síochána a hosclaíodh  den chéad uair i 1814 faoin ainm Dún Míleata Richmond. Is féidir le cuairteoirí féachaint ar dhéantúsáin ó fhiosrúcháin a tharla, mar shampla, airgeadra bréige agus gléasra scimeála ATM, earraí a bhíonn ina áiseanna tábhachtacha chun an pobal a chur ar an eolas agus chun coireanna a chosc.

Ón mbliain 2015, tá na mílte daoine tar éis cuairt a thabhairt  ar an Músaem agus ar Ionad Cuairteoirí Choláiste an Gharda Síochána, chomh maith le hábhair Ghardaí , Gardaí atá san fhórsa go fóill agus iad siúd atá ar scoir. Bíonn fáil ag gach grúpa cuairteoirí  ar chur i láthair closamhairc ina ndéantar léargas ar stair phóilíneachta na hÉireann chomh maith le faisnéis i dtaobh earcaíochta agus traenála. Tugtar deis do chuairteoirí ceisteanna a chur freisin.  Bíonn éileamh mór ar na turais i measc dhaltaí na hidirbhliana ar féidir suim a bheith acu i ngairm san fhórsa amach anseo. Cuireann baill de  Chumainn Scoir suim sna turais freisin.

Go minic, tagann baill a bhfuil ceangal acu le Póilíneacht Phobail nó le haonaid eile, go dtí An Teampall Mór in éineacht le grúpaí, rud a chuireann go mór leis an gcaidreamh idir na Gardaí agus an pobal. Oibríonn an Músaem agus Ionad na gCuairteoirí i gcomhpháirt le Músaem an Gharda Síochána i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus cuireann sé go mór leis.

 

museum 3