Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Padden, Michael John

michaelpadden

Ainm: Padden, Michael John

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 27477A

Stáisiún: Domhnach Broc, Baile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 4

Cúlra:
Rugadh Michael Padden ar an 8th Iúil 1974 i Seanachadh, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Thosaigh sé a chuid oiliúna leis ann Garda Síochána ar an 26 Eanáir 1998, agus ceapadh é ar an 31 Márta 1999. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh Garda Padden go Stáisiún Garda Dhomhnach Broc ar an 1 Aibreán 1999. Ní raibh sé pósta. Thaitin peil , Ghaelach, rugbaí agus cispheil leis mar chaitheamh aimsire.

Cúinsí:

Ar a 6.21am, ar an 14 Aibreán 2002, fuarthas glao 999 ag an Aonad Ceannais & Comhordaithe go raibh buirgléireacht ag tarlú in árasán ag Radharc Dhún Criofainn, Cuan Bhlóic, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath. Chonacthas Mazda dubh ag fágáil na láithreach. Stop Garda Michael Padden agus Garda Tony Tighe, ag acomhal an Aird, Chnoc Mhuirfean agus Bhóthar Stigh Lorgan mar iarracht chun gluaisteán na robálaithe a stopadh. Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig an gluaisteáin agus bhuail sé i gcoinne na feithicle oifigiúil. Tógadh an bheirt Ghardaí go hOspidéal Naomh Uinseann. Fógraíodh marbh iad nuair a sroicheadh an t-ospidéal leo.