Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Bonn Scott

Scott-medal

I 1923 bhronn an Coirnéal Walter Scott, Coimisinéir Onórach Póilíní Chathair Nua Eabhrac agus daonchara raibh clú agus cáil air, banna óir $1,000 ar an nGarda Síochána, an Fórsa Póilíneachta ab óige ar domhan ag an am.

Ní raibh ach aon choinníoll amháin ag gabháil le bronnadh an bhoinn Scott: “Ní bhronnfar an Bonn Scott mar thoradh ar aon ghníomh, is cuma cé chomh cróga is atá sé, muna bhfuil crógacht phearsanta i gceist leis an ngníomh sin, atá déanta go h’eirimiúil i gcomhlíonadh dualgaisí le baol láithreach don bheatha agus armtha le réamheolas iomlán ar an riosca atá i gceist”.

Tá an bonn i bhfoirm Cros Cheilteach. Tá cúig phainéal ar aghaidh an bhoinn agus scríofa air tá “An Bonn Scott” agus “Le hAghaidh Chrógacht”. Chomh maith leis sin tá iolar agus sciath na Stát Aontaithe, an chláirseach, scal ghréine agus suaitheantas an Gharda Síochána le feiscint ann. Tá “Garda Síochána na hÉireann” scríofa ar chúl an bhoinn. Is siombail iad na ceithre lámh sa bhonn do na ceithre Chúige na hÉireann – Uladh, Mumhan, Laighean agus Connacht.

Bronnann an t-Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí na faighteoirí leis na Boinn ag an Searmanas Bronnta Boinn Scott Bliantúil. De ghnáth bíonn an searmanas seo ar siúl i gColáiste an Gharda Síochána.

Liosta de Bhuaiteoirí Bonn Scott