Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rice, George Brendan

grice

Ainm: Rice, George Brendan

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 22336M

Stáisiún: Bóthar Chúrsa an Uisce, Corcaigh

Blianta Seirbhíse: 19

Cúlra:
Rugadh George Rice ar an 15 Bealtaine 1956, agus ba as na Cnoicíní, Cill Gharbháin, Co. Chiarraí dó. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 10 Meitheamh 1981. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Shráid an Stórais ar an 13 Samhain 1981 agus chaith sé seal lonnaithe i gCé na hAontachta agus i mBóthar Mhala freisin. Bhí Garda Rice pósta agus bhí triúr clainne acu. Iománaíocht, peil agus tarraingt na téide na caithimh aimsire a bhí aige.

Cúinsí:

Ar a 5pm Dé Domhnaigh an 22 Aibreán 2001, bhí Garda Brendan Rice agus comhghleacaí leis, Garda James McIntyre, ar patról taistil ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Corcaigh, gar do Bhaile Uí Mhothláin, nuair a bhí timpiste bhóthair acu. Fuair Garda Rice bás de dheasca na ngortuithe a fuair sé sa timpiste sin.