Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McIntyre, James Brendan

jmcintyre

Ainm: McIntyre, James Brendan 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:26361C

Stáisiún: Bóthar Chúrsa an Uisce, Corcaigh

Blianta Seirbhíse: 6

Cúlra:
Rugadh James (Seamus) McIntyre ar an 19 Meitheamh 1971 i nGort an Mhuilinn, Neidín, Co. Chiarraí. Ba mhac le Garda é, agus tar éis seal a chaitheamh ag obair mar shainchomhairleoir airgeadais, chuaigh sé faoi oiliúint sa Gharda Síochána ar an 23 Eanáir 1995. Ní raibh Garda McIntyre pósta. D’oibrigh sé mar Gharda i nGaillimh agus i mBaile Locha Riach freisin. Thaitin sé go mór leis peil agus iomáint a imirt. 

Cúinsí:

Ar a 5pm Dé Domhnaigh an 22 Aibreán 2001, bhí Garda McIntyre, agus comhghleacaí leis, Garda Brendan Rice, ar patról taistil ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Corcaigh, gar do Bhaile Uí Mhothláin, nuair a bhí timpiste acu. Fuair Garda McIntyre bás de dheasca na ngortuithe a fuair sé sa timpiste sin.