Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Nolan, Richard Joseph

rnolan

Ainm: Nolan, Richard Joseph 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 21244L

Stáisiún: Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

Blianta Seirbhíse: 22

Cúlra:
Rugadh Richard Nolan ar an 24 Eanáir 1957, agus ba as Carraig na Sláine, Cill Bhríde, Co. Cheatharlach dó. Chaith sé tamall ag obair mar ionadaí díolachán sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 7 Meitheamh 1978. Bhí Garda Nolan pósta agus bhí triúr clainne aige. Chuaigh duine amháin acu siúd sa Gharda Síochána freisin. Bhí Garda Nolan lonnaithe i mBaile Nua Mhoin Uí Chinnéide, i mBinn Éadair agus i nDún Canann. Mar chaitheamh aimsire aige, bhí peil agus iomáint. Bhí suim aige freisin i gcrainn Nollag a fhás.

Cúinsí:

Ar 1.20am, Dé Domhnaigh an 26 Meán Fómhair 1999, ba iad Garda Richard Nolan agus Garda Ambrose Fogarty a bhí sa charr patróil ó Inis Córthaidh a chuaigh mar fhreagairt ar glaoch a fuarthas ó Ghardaí Ghuaire ag lorg cabhrach chun déileáil le troid thromchúiseach lasmuigh de chlub oíche i gCam Eolaing, Co. Loch Garman. Nuair a bhí an carr patróil ag Bishopswell, Inis Córthaidh, bhí timpiste acu.  Maraíodh Garda Nolan láithreach.