Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Fogarty, Ambrose

afogarty

Ainm: Ó Fógartaigh, Ambrós

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 26178E

Stáisiún: Inis Córthaidh, Contae Loch Garman

Blianta Seirbhíse: 5

Cúlra: Ba as Radharc na Sionainne, Tír Dhá Ghlas, An tAonach, Contae Thiobraid Árann, do Ambrós Ó Fógartaigh a rugadh ar an 24ú Lúnasa 1972. Ba Mhac léinn é sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána mar Ábhar Garda ar an 25ú Iúil 1994. B’fhear singil é an Garda Ó Fógartaigh agus bhí suim mhór aige in imeachtaí spóirt éagsúla.

Cuinsí:

Ag 1.20 r.n. ar Domhnach an 26ú Meán Fómhair 1999, bhí an Garda Ó Fógartaigh agus an Garda Risteard Ó Nualláin mar chomhaltaí de charr patróil Inis Córthaidh a d’fhreagair glaoch chun cabhrú le Gardaí ó Ghuaire, déileáil le troid mhór taobh amuigh de chlub oíche i sráidbhaile an Cham Eolaing, Contae Loch Garman. Nuair a bhí an carr patróil ag Tobar an Easpaig, Inis Córthaidh bhí sé páirteach in imbhualadh.  Fuair an Garda Ó Fógartaigh gortaithe tromchúiseacha agus fuair sé bás níos déanaí san ospidéal. 

Tag: Garda Risteard Ó Nualláin