Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Murrin, John Alphonsus

jmurrin

Ainm: Murrin, John Alphonsus 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 3919

Stáisiún: Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann

Blianta Seirbhíse: 1

Cúlra:
Rugadh John Murrin ar an 23 Márta 1898 sa Bhroclais i gCo. Dhún na nGall. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 4 Aibreán 1923, tar éis dó seal a chaitheamh ina cheannaí. Sula ndeachaigh Garda Murrin sa Gharda Síochána, bhí sé in Óglaigh na hÉireann (1918-1922) agus san Arm Náisiúnta (1922-1923). 

Cúinsí:

Ar an 6 Bealtaine 1924, bhí Garda John Murrin, agus comhghleacaí leis, Sáirsint Thomas Griffin, i mbun eachtra lámhaigh a bhí tar éis tarlú an lá roimhe sin a fhiosrú. Agus iad tar éis na daoine a bhí faoi amhras a aithint, chuaigh Sáirsint Griffin agus Garda Murrin chuig teach i gCill Ó Neire, Co. Chill Chainnigh, áit nach raibh rófhada uathu. Nuair a bhain siad an áit amach, scaoileadh ar an mbeirt Ghardaí gan rabhadh agus gortaíodh go dona iad. Fuair Garda Murrin bás de dheasca a ghortuithe ar an 19 Deireadh Fómhair 1924.