Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Griffin, Thomas

tgriffin

Ainm: Ó Grífín, Tomás

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 814

Stáisiún: Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann

Blianta Seirbhíse: 2

Cúlra: Ba as Uimhir a Dó, Plás Naomh Pádraig, An Cnocán Glas, Cathair Chorcaí, do Thomás Ó Grífín, a rugadh ar an 12ú Aibreán 1899. D’oibrigh sé mar innealtóir meicniúil sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 26ú Aibreán 1922. Fuair sé seirbhís mhíleata mar Oifigeach Neamhchoimisiúnta, i bhfeidhil Innealtóirí, Comhlacht, ‘C’ Complacht, 2ú Cathlán, 1ú Briogáid Chorcaí. Bhain sé amach ardú céime go céim an tSáirsint ar an 16ú Deireadh Fómhair 1922. Ní raibh an Sáirsint Ó Grífín pósta. D’fhóin sé i gCill Chainnigh freisin.

Cuinsí:

Ar an 6ú Bealtaine 1924 bhí an Sáirsint Ó Grífín, maraon lena chomhleacaí an Garda Seán Ó Muireáin, ag fiosrú eachtra lámhaigh a tharla an lá roimhe sin. Tar éis dóibh na daoine a bhí faoi amhras don chion a aithint, lean an Sáirsint Ó Grífín agus an Garda Ó Muireáin go dtí teach cóngarach dóibh i gCoill Ó Neirí, Contae Chill Chainnigh. Nuair a shroich siad an teach, agus gan choinne, lámhadh agus gortaíodh go dona an bheirt Ghardaí. Fuair an Sáirsint Ó Grífín bás dá ghortaithe ar an 7ú Bealtaine 1924. 

Tag: Garda Seán Ó Muireáin