Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Morley, John F.

jmorley

Ainm: Morley, John F.

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 15543H

Stáisiún: An Caisleán Riabhach, Co Ros Comáin

Blianta Seirbhíse: 18

Cúlra:
Rugadh John Morley i bhFochaill, Coillte Magh, Co. Mhaigh Eo ar an 6 Deireadh Fómhair 1942. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 31 Márta 1964. Ar an 27 Bealtaine 1979, ceapadh é do Bhrainse na mBleachtairí, agus bhí sé lonnaithe i Stáisiún Garda Chaisleáin Riabhach. Bhí sé lonnaithe i mBealach an Doirín roimhe sin. B’imreoir peile iomráiteach é a bhí tar éis a bheith ina chaptaen ar fhoireann a chontae dhúchais, Maigh Eo, agus a bhí tar éis imirt do Chonnacht i gComórtas na gCúigí. Bhí sé pósta agus bhí triúr clainne acu. Bronnadh Bonn Ór Scott ar i ndiaidh a bháis ar an 16 Meán Fómhair 1982.

Cúinsí:

San iarnóin ar an 7 Iúil 1980, rinne beirt fhear a raibh gunnaí acu agus púicíní orthu Banc Ceannais na hÉireann i mBealach an Doirín a robáil agus goideadh £41,000. D’éalaigh siad, agus fear eile leo, i ngluaisteán a dhóigh siad ina dhiaidh sin in aice láimhe agus d’imigh siad i ngluaisteán eile i dtreo an Chaisleáin Riabhach. Chuaigh Bleachtaire Garda John Morley agus a chomhghleacaithe Sáirsint Michael O’Malley Garda Henry Byrne agus Garda Derek O'Kelly rompu ag Achadh an Doire, Crois na Sionainne, thart ar cúig mhíle ó Bhealach an Doirín, áit ar buaileadh gluaisteán na robálaithe i gcoinne an chairr phatróil. Scaoil duine de na robálaithe ar ghaothscáth an chairr phatróil. Thosaigh an bheirt robálaithe eile ag scaoileadh ar an gcarr patróil agus maraíodh Garda Byrne. Lean Bleachtaire Garda Morley na robálaithe agus lámhachadh agus maraíodh é in aice láimhe.