Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Byrne, Henry Gerard

hbyrne

Ainm: Ó Broin, Anraí Gearóid

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 18300H

Stáisiún: An Caisleán Riabhach, Contae Ros Comáin

Blianta Seirbhíse: 8

Cúlra: Rugadh Anraí Gearóid Ó Broin ar an 24 Márta 1951. Ba as An Droim, An Cnoc, Clár Chlainne Mhuiris, Contae Mhaigh Eo, é. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 8ú Márta 1972. Rinne sé a chuid seirbhíse sa Mhuileann gCearr, i Muilte Farannáin, i nGránard and i gCeatharlach. Bhí sé pósta le triúr clainne. Bronnadh an Bonn Óir Scott ar Gharda Anraí Ó Broin ar an 16ú Meán Fómhair 1982 tar éis a bháis.

Cuinsí:

Robáladh £41,000 ó Bhanc na hÉireann i mBealach an Dóirín, Co. Ros Comáin, ar thráthnóna an 7ú Iúil 1980 ag beirt fhear armtha masctha. Tar éis dóibh éalú dhóigh na robálaithe (triúr acu go hiomlán) a gcarr éalaithe, chuadar isteach i malairt cairr achar gearr ar aghaidh agus lean siad orthu i dtreo an Chaisleáin Riabhaigh. Tháinig an Garda Anraí Ó Broin lena chomhleacaithe, an Sáirsint Mícheál Ó Máille, an Bleachtaire Garda Seán Ó Muraile agus an Garda Darach Ó Ceallaigh roimh na robálaithe ag Achadh an Doire, Crosaire an tSionainn, timpeall cúig mhíle ó Bhealach an Dóirín, áit ar bhuail feithicil na róbálaithe i gcoinne an charr patróil. Scaoil duine de na róbálaithe urchar le gaothscáth an charr patróil. Thosaigh an bheirt robálaithe eile ansin ag scaoileadh urchair leis an gcarr patróil ag marú Garda Ó Broin. Lean an Bleachtaire Garda Ó Muraile na robálaithe ach lámhadh fuar marbh é achar gearr ón áit.

Tag: Bleachtaire Garda Seán F. Ó Muraile