Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Kennelly, Michael Joseph

mkennelly

Ainm:Kennelly, Michael Joseph 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:1408

Stáisiún: An Mám, Co. na Gaillimhe

Blianta Seirbhíse:11

Cúlra:
Rugadh Michael Kennelly ar an 26 Eanáir 1896 in Achadh na nEanach, Maigh Mheáin, Co. Chiarraí. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 30 Bealtaine 1922. Ó 1916-1922, bhí Garda Kennelly san 8ú Cathlán,  Céad Bhriogáid Chiarraí. Bhí Garda Kelleher pósta agus bhí beirt clainne acu. Chaith Garda Kennelly seal lonnaithe sna háiteanna seo a leanas freisin: Gaillimh, Muine Mheá, Daraidh Braoin, Leitir Fraic, an Líonán, an Clochán agus Cill Íomair. 

Cúinsí:

Ar an 18 Eanáir 1934, bhí Garda Michael Kennelly, in éineacht le Sáirsint Forde, ag filleadh ar Stáisiún Garda an Mháma tar éis othar baineannach a thabhairt go hOspidéal Meabhairghalair Bhéal Átha na Sluaighe i hacnaí.  Oíche fhliuch dhorcha a bhí ann.  Agus iad ag dul trí Chathair na Gaillimhe, d’imigh an gluaisteán ón mbóthar agus isteach in Abhainn na Gaillimhe ag Barr an Chalaidh. Bádh Garda Kennelly.