Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Forde, Patrick

pforde

Ainm: Mac Giollarnáth, Pádraig

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 5802

Stáisiún: An Mám, Contae na Gallaimhe

Blianta Seirbhíse: 9

Cúlra: Ba as, Fiodh Breac, Tíne, Baile Locha Riach, Contae na Gaillimhe, do Phádraig Mac Giollarnáth, a rugadh ar an 19ú Eanair 1904. Bhí sé ag obair san fheirmeoireacht sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 27ú Meitheamh 1924. D’fhóin sé sna hÓglaigh (1919-1921). Fuair an Sáirsint Mac Giollarnáth ardú céime ar an gcéad lá de Mhárta 1927, bhí sé pósta le beirt chlainne agus d’fhóin sé i mBaile an Mhóta, i Maothail, in Abhainn an Chartúin agus i mBearna Dhearg.

Cuinsí:

Ar an 18ú Eanáir 1934 bhí an Sáirsint Mac Giollarnáth, maraon le Garda Mícheál Mac an Fhailí, ag filleadh abhaile ó Stáisiún na nGardaí, An Mám, tar éis dóibh othar baineann a thionlacan go dtí Ospidéal meabhairghalar Bhéal Átha na Slua. Le linn dóibh bheith ag tiomáint trí Ghaillimh tháinig an carr fostaithe, ina raibh said ag taisteal, i dtreo cheantar Bharr an Chalaidh. Ba oíche dhorca fhliuch a bhí i gceist. D’fhág an fheithicil an bóthar agus chuaigh sé isteach in Abhann na Coiribe ag Barr an Chalaidh. Bádh an Sáirsint Mac Giollarnáth. 

Tag: Garda Mícheál Mac an Fhailí