Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Scéim Foilsitheoireachta

An Scéim Foilsitheoireachta

Tá an Garda Síochána tiomanta do sheirbhís oscailte agus trédhearcach a chur ar fáil agus tá sé mar aidhm againn faisnéis a gcuirfeadh an pobal spéis ann, a fhoilsiú, tríd an Scéim Foilsitheoireachta, ar dhóigh réamhghníomhach.

De réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ní mór do chomhlachtaí a mhéid faisnéise agus is féidir, a fhoilsiú, ag teacht le prionsabail oscailteachta, trédhearcachta, agus freagrachta, ar an gcoinníoll nach bhfuil toirmisc dlí ar an bhfoilseachán nó nach n-áirítear é a bheith ina  thaifead  díolmhaithe, faoin Acht.  

De réir Chuid 1 (n) de Sceideal 1 den Acht, tá an Garda Síochána liostáilte mar ghníomhaireacht a chuimsítear go páirteach “a mhéid a bhaineann sé le taifid riaracháin maidir le hacmhainní daonna, nó cúrsaí airgeadais nó sainfhála”. Ar an ábhar sin, de réir an Achta, ní phléitear ach le hiarratais um Shaoráil Faisnéise a bhaineann leis na réimsí seo. Ach tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána maidir le seirbhísí a gcuirtear ar fáil don phobal, lasmuigh de na réimsí seo.

Tá Scéim Foilsitheoireachta an Gharda Síochána le fáil thíos. Tá naisc sa tábla seo le heolas ábhartha ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána. Má tá breis eolais de dhíth ort, is féidir suíomh an Gharda Síochána a chuardach tríd an rogha cuardaigh thuas a úsáid. Mura bhfuil an t-eolas ar fáil faoi láthair, is féidir iarratas a dhéanamh de réir FOI.

Cé muidne?Feidhmeanna agus Seirbhísí
Ár dtosaíochtaí agus Dul chun CinnBuiséid agus Caiteachas
Bainistíocht DaoineEolas Ginearálta faoi Airgeadas
Eolas Ginearálta faoi SholátharAcmhainní Daonna, Ginearálta
FoilseacháinTaifead Cinnidh FOI