Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Logaí de Chinntí Saorála Faisnéise 2015

Logaí de Chinntí Saorála Faisnéise 2015

RéimseSainchuntas Iarratais Cinneadh Sonraí an Chinnidh
Rannóg FOISonraí ar an bhfoireann go léir a bhí ag obair i Stáisiún Garda Mainistir Fhear Maí ar an 12 Meán Fómhair agus go luath ar maidin ar an 12 Meán Fómhair, 2015. Ba cheart céim garda agus uaireanta seala oibrithe a chur san áireamh.
Ba cheart a chur in iúl sna taifid má rinne aon bhall foirne rágobair
DiúltaighFOI-000012-2015 Cinneadh
Rannóg FOILiosta maidir leis na tuarascála agus fiosrúcháin go léir a rinne aonad iniúchta inmheánaigh an Gharda Síochána ó Eanáir 2014. Cóipeanna d'aon iniúchtaí inmheánacha a bhaineann le soláthar seirbhísí laistigh den Gharda Síochána ó 1 Eanáir 2013.Deonaigh cuid deFOI-000022-2015 Cinneadh
Rannóg FOITuarascálacha a dhéanann cur síos ar na suimeanna a caitheadh ar shaintrealamh cúléisteachta in 2009, 2010, 2011, 2012, 2013 2014 agus sna chéad naoi mhí de 2015.
Tuarascálacha le cur síos ar an gcineál trealaimh a ceannaíodh
DiúltaighFOI-000041-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

Tuarascálacha a dhéanann cur síos ar an mbuiséad a laithdháileadh don Aonad Speisialta Bleachtaireachta ar bhonn bliantúil do na blianta 2006, 2007, 2008, 2009, 2010, 2011, 2012, 2013 agus 2014, le briseadh síos déanta ar an mbuiséad maidir le pá agus na suimeanna a caitheadh ar airm thine, feithiclí agus oiliúint.

-Chomh maith leis sin, iarann mé taifid ina ndéantar cur síos ar líon na ngardaí aonais atá ina mball den Aonad Speisialta Bleachtaire (SDU) do na blianta 2006, 2007, 2008, 2009, 2010, 2011, 2011, 2012, 2013, 2014, agus sna chéad naoi mí de 2015.

DiúltaighFOI-000043-2015 Cinneadh
Rannóg FOITabhair briseadh síos ar gach coireacht taifeadta ar dhuine – gadaíocht agus ionsaí idir an 1 Eanáir agus an 30 Meán Fómhair 2016 i gceantar ionchathrach uibreach Bhaile Átha Cliath le do thoil.
Tabhair liosta a thugann mionsonraí de líon na n-eachtraí a tarlaíodh gach mí agus i gcás ionsaithe, má úsáideadh arm, le do thoil.
As Roan FeidhmeFOI-000064-2015 Cinneadh
Rannóg FOITabhair sonraí, le do thoil, ar líon na sibhialtach a gortaíodh nó a maraíodh le feithiclí an Gharda Síochána sna trí bliana seo caite, briste síos de réir míosa agus ceantair. Más féidir, an féidir leis an bhfigiúr seo cur síos a dhéanamh ar sciar na n-eachtraí seo a tarlaíodh i rith práinnfhreagartha agus an raibh fiosrúchan inmheánach déanta maidir leis na heachtraí seo.As Roan FeidhmeFOI-000065-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

1) Líon na n-iarratas ar chealú muirir próiseála seasta de bharr a bheith ag tiomáint ar róluas a fuarthas ó láraíodh an próiseas cinnteoireachta san oifig phróiseála Muirir Seasta i nDurlas i Meán Fómhair 2014

2) Líon na n-iarratas ar chealú muirir próiseála seasta de bharr a bheith ag tiomáint ar róluas a deonaíodh ó láraíodh an próiseas cinnteoireachta san oifig phróiseála Muirir Seasta i nDurlas i Meán Fómhair 2014

3) Líon na n-iarratas a rinneadh ar chealú muirir próiseála seasta de bharr a bheith ag tiomáint ar róluas a diúltaíodh ó láraíodh an próiseas cinnteoireachta san oifig phróiseála Muirir Seasta i nDurlas i Meán Fómhair 2014

4) Na cúiseanna tugtha maidir le cealú gach ceann de na muirir próiseála seasta de bharr a bheith ag tiomáint ar róluas ó láraíodh an próiseas cinnteoireachta san oifig phróiseála Muirir Seasta i nDurlas i Meán Fómhair 2014
5) Cóipeanna d’aon iniúchtaí eile a rinne an tAonad um Chaighdeáin Ghairmiúla an Gharda Síochána ar oibríocht an chóras nua maidir le hachomhairc a phróiseáil i gcoinne muirir seasta de bharr a bheith ag tiomáint ar róluas san oifig phróiseála Muirir Seasta i nDurlas (gan an t-iniúchadh a foilsíodh in Eanáir 2015 san áireamh)

As Roan FeidhmeFOI-000068-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

- Líon na ngabhálacha a rinneadh ag cluichí peile an Airtricity League (Eircom League roimhe seo) idir an 1 Márta 2010 agus an 1 Samhain 2010.

-Líon na ngabhálacha a rinneadh ag cluichí peile an Airtricity League idir an 1 Márta 2011 agus an 1 Samhain 2011

-Líon na ngabhálacha a rinneadh ag cluichí peile an Airtricity League idir an 1 Márta 2012 agus an 1 Samhain 2012

-Líon na ngabhálacha a rinneadh ag cluichí peile an Airtricity League idir an 1 Márta 2013 agus an 1 Samhain 2013

-Líon na ngabhálacha a rinneadh ag cluichí peile an Airtricity League idir an 1 Márta 2014 agus an 1 Samhain 2014
­-Líon na ngabhálacha a rinneadh ag cluichí peile an Airtricity League idir an 1 Márta 2015 agus an 15 Deireadh Fómhair 2015

As Roan FeidhmeFOI-000069-2015 Cinneadh
Rannóg FOILíon na n-uaireanta a thug an Garda Síochána cuairt ar theach tábhairne XXXXXXX, XXXXXXX i ngach ceann de na trí bliana anuas, an dáta agus an t-am a chuaigh na Gardaí go dtí an áit; agus cur síos gairid ar an bhfáth ar fhreastail na Gardaí ar an áit seo mar shampla; Iarradh ar Ghardaí XXXXXXX freastal ar XXXXXXX mar gheall ar thuarascálacha ar dhaoine ar meisce san áit, ag 22:00 shroich na Gardaí an áit agus thóg siad roinnt daoine ón áit ach ní dhearnadh aon rud eile.As Roan FeidhmeFOI-000076-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

Líon na buirgléireachta a rinneadh i gCo. Ros Comáin i ngach ráithe de 2014;

- Líon na buirgléireachta a rinneadh i Ros Comáin sa chéad trí cheathrú de 2015;
Sa chás nach bhfuil na staitisticí seo ar fáil ar bhonn contae-contae, ba mhaith liom na staitisticí céanna a fáil ó Rannóg an Gharda i Longfort-Ros Comáin.

As Roan FeidhmeFOI-000092-2015 Cinneadh
Rannóg FOI– Ba mhaith liom sonraí faoi chostais shlándála ag teach Choimisinéir an Gharda Síochána ón lá a thosaigh sí in oifig. Déan briseadh síos, le do thoil, ar an gcostas de réir daonchumhachta agus costais shuiteála. Ba mhaith liom freisin cóipeanna d’aon chomhfhreagras idir an phobail agus an Garda Síochána a bhaineann le slándáil taobh amuigh de theach Choimisinéir an Gharda Síochána.DiúltaighFOI-000104-2015 Cinneadh
Rannóg FOI– Ba mhaith liom cóipeanna den chomhfhreagras go léir idir Oifig an Choimisinéara agus Oifig Frances Fitzgerald, an tAire Dlí agus Cirt, a bhaineann le coireacht tuaithe ó Eanáir 2015.As Roan FeidhmeFOI-000107-2015 Cinneadh
Rannóg FOIBa mhaith liom cóipeanna den chomhfhreagras go léir idir oifig an Choimisinéara agus oifig Frances Fitzgerald, an tAire Dlí agus Cirt, a bhaineann le líon na ngardaí agus earcaíocht ó Eanáir 2014.CeadaighFOI-000109-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

1.)Briseadh síos iomlán ar na coireanna go léir a tuairiscíodh ar champus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9 chomh fada siar le 01/06/2013.

2.) Liosta de na coirenna go léir a rinne mic léinn agus lucht oibre ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath chomh fada siar le 01/06/2013.
3.) Liosta de fhiosrúcháin faoi mhic léinn nó lucht oibre in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9 a leanann go foil.

As Roan FeidhmeFOI-000116-2015 Cinneadh
Rannóg FOITaifid á lorg maidir le comhfhreagas a bhaineann “tasers” a fháil chun Gardaí a chosaint idir an 1 Eanáir 2015 agus inniu, an 3 Samhain 2015.CeadaighFOI-000126-2015 Cinneadh
Rannóg FOIBhí mé ag iarraidh fáil amach mar sin, an mbeadh tú in ann sonraí a thabahirt dom a bhaineann le cursaí a chuireann Rannóg Tiomána an Gharda Síochána agus cúrsaí ord poiblí ar failDiúltaighFOI-000149-2015 Cinneadh
Rannóg FOIFOI – Líon na ngearán oifigiúla a rinne fostaithe fireann agus baineann de bharr ciapadh gnéasach.Ba cheart sonraí de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis:
• Líon na ngearán a cuireadh isteach in 2014 agus in 2015 go dtí seo.
• Cóipeanna de gach gearán agus freagairt ar an ngearán trí ríomhphost, litir agus nótaí scríofa de ghearáin a rinneadh ar theileafóin
• Sonraí faoi thorthaí na ngearán seo
Deonaigh cuid deFOI-000152-2015 Cinneadh
Rannóg FOIBa mhaith liom a iarraidh cé mhéad gearán faoi bhulaíocht, ciapadh agus ciapadh gnéasach a fuair Rannóg na nAcmhainní Daonna sna Gardaí maidir le fadhbanna i measc bhaill an fhórsa. (i.e. gearáin a rinne garda amháin i gcoinne ceann eile) le haghaidh na blianta 2012 go 2014 san áireamh, agus don chéad sé mhí de 2015.Deonaigh cuid deFOI-000154-2015 Cinneadh
Rannóg FOIFOI Clár oibre, tuairiscí agus miontuairiscí na ngardaí a eascraíonn as cruinnithe fhoireann bainistíochta an Gharda Síochána ó 1 Eanáir 2015 maidir le Cór Tráchta an Gharda.As Roan FeidhmeFOI-000158-2015 Cinneadh
Rannóg FOIBa mhaith liom na taifid agus sonraí go léir ar ghlaonna bréige agus ar ghlaonna gúthain clis a rinneadh chuig an Stáisiún Gardaí in Inis, Co. Clár ón 1 Eanáir 2010 go dtí dáta an lae inniu a iarraidh.As Roan FeidhmeFOI-000163-2015 Cinneadh
Rannóg FOIBriseadh síos míosúil ó 2013 go dtí an lae inniu ar líon na ngardaí atá ag tiomáint feithiclí garda agus a bhfuil pointí pionóis acu. Briseadh síos míosúil ó 2013 ar líon na ngardaí a bhí díolmhaithe ó na pointí pionóis seo toisc go raibh siad ag tiomáint gluasiteán ar dhualgas garda.DiúltaighFOI-000166-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

Gach comhfhreagras a bhaineann le háiseanna iniúchóireachta ag Port Bhaile Átha Cliath, go háirithe forálacha do thimpeallacht iniúchóireachta rialaithe/séalaithe le haghaidh iniúchadh ar lasta contúirteach/íogair.

Gach comhfhreagras maidir le do chumas iniúchtaí a dhéanamh i bPort Bhaile Átha Cliath de réir rialacháin AE.

As Roan FeidhmeFOI-000167-2015 Cinneadh
Rannóg FOICóip d’ábhar faisnéisithe a ullmhaíodh do na hoifigigh Garda a bhí le feiceáil roimh an gComhchoiste Oireachtais um Iompar, Spóirt agus Turasóireacht ar an gCéadaoin, an 25 Samhain, 2015.DiúltaighFOI-000173-2015 Cinneadh
Rannóg FOIFOI I) Cé mhéad duine a gabhadh/tugadh rabhadh dó de bharr a bheith ag iarraidh déirce ar shráideanna Bhaile Átha Cliath anuraidh.
i) Más féidir, cé mhéad de na heachtraí sin a bhí bainteach le saoránaigh nach Éireannaigh iad.
As Roan FeidhmeFOI-000174-2015 Cinneadh
Rannóg FOIBa mhaith liom a fháil amach an fáth go bhfuil patróil leanúnach Gardaí ar XXXXXX díreach in aice le XXXXXX. Don chuid is mó de Mheán Fómhair agus Deireadh Fómhair bhí scuadcharr nó carr Garda gan mharcáil le ball de na Gardaí ina suí ar chúinne XXXXXX agus XXXXXXXAs Roan FeidhmeFOI-000176-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

Iarratas ar Shaoráil Faisnéise arna dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Ar an N78 idir an Muilleann Iarainn agus an Bábhún Buí bíonn veain le ceamara luas ann uaireanta. Iarraim

1. Líon na laethanta i ngach ceann de 2013, 2014 agus go dtí seo i mbliana a bhí an veain le ceamara luas i bhfeidhm sa cheantar seo.

2. Maidir leis an gcreat ama céanna de réir (1), líon na gcionta luas a thaifead an veain.
3. An acmhainn luais ar threalamh ceamara na feithicle, mar shampla, an luas íosta a bheadh ag feithicil a bheith ag taisteal chun ticéad luais a fháil. Tá gach síneadh den bhóthar a luaitear 100 km/u.

DiúltaighFOI-000178-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

Ba mhaith liom iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Baineann an t-iarratas leis na taifid go léir maidir le Marc-Aonad an Gharda Síochána ó 1 Eanáir, 2014.

Go sonrach táim ag lorg taifid a bhaineann le:

(a) costas an aonaid, m.sh. táillí stáblaíochta agus tréidliachta a bhaineann leis na capaill.
(b) tairbhe an aonaid, i.e, líon na n-oibríochtaí, más ann, a raibh baint aige leis.

CeadaighFOI-000181-2015 Cinneadh
Rannóg FOIIarratas ar tuarascáil chun líon na nglaonna amach a rinne na Gardaí go XXXXXXXXXXXXXXXXXXXXX Caisléan an Bharraigh, Co. Mhaigo Eo.As Roan FeidhmeFOI-000182-2015 Cinneadh
Rannóg FOI

Ba bhaith liom iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar na nithe seo a leanas.

1) Gach ríomhphost agus comhfhreagras idir an chuideachta ‘GO SAFE’ agus An Garda Síochána a bhaineann le hOrduithe Ceannaigh a rinneadh sa 3ú Ráithe de 2014.

2) Gach conradh idir ‘GO SAFE’ agus An Garda Síochána a bhaineann le hOrduithe Ceannaigh a rinneadh sa 3ú Ráithe de 2014.

DiúltaighFOI-000183-2015 Cinneadh