Leagtar amach in Alt 42 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 roinnt díolúintí éigeantacha chun an Garda Síochána a chumasú chun a fheidhmeanna lárnacha a chomhlíonadh agus chun a chinntiú nach gcuirtear slándáil an Stáit i mbaol.Áirítear i measc na ndíolúintí a dheonaítear taifid arna gcoinneáil nó arna gcruthú ag an nGarda Síochána agus a bhaineann le haon cheann de na rudaí seo a leanas:an tAonad Práinnfhreagartha;Ciste na Rúnseirbhíse arna choinneáil ag an Aonad sin;An tAonad Speisialta Bleachtaireachta;an clár tearmann finné urraithe ag an Aonad sin;an Rannóg um Shlándáil agus Faisnéise;bainistíocht agus úsáid oibríochtaí faisnéise faoi cheilt;an tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil), 1993;an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005;an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009;an Acht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011;taifead arna choinneáil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla;taifead a bhaineann le fiosrúchán de réir bhrí Alt 42 d’Acht an Gharda Síochána, seachas taifead a bhaineann le ceapachán duine chun é an fiosrúchán a dhéanamh agus/nó taifead a bhaineann leis na costais nó cúrsaí eile a bhaineann le riarachán ginearálta fiosrúcháin faoin alt sin.