Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Glacadh drugaí a aithint agus cabhair bhreise

Glacadh drugaí a aithint agus cabhair bhreise

Bíodh comharthaí maidir le glacadh drugaí ar eolas agat

Is minic a bhíonn sé deacair a rá má tá duine ag úsáid drugaí mar go bhféadfadh substaintí éagsúla tionchar a bheith acu ar dhaoine ar bhealaí éagsúla. Baineann na comharthaí seo a leanas i mórán cásanna áfach:

● Athruithe tobann i ngiúmar agus iompar, mar shampla, ó bheith sásta agus fuinniúil go dtí teasaí agus cantalach

● Patrúin codlata neamhghnácha

● Easpa Goile

● Dúlagar

● Easpa spreagadh

● Bréaga nó airgead agus earraí a ghoid

● Rúndacht faoi ghníomhaíochtaí agus gan fhios cá bhfuil an duine

● Uaireanta déanacha agus cairde nua nó aisteacha Conas drugaí a aithint Níl aon bhealach áirithe ann chun substaintí mídhleathacha a aithint ach amháin trí anailís. Is féidir a bheith ag faire amach do na comharthaí seo a leanas áfach:

● Clúdaigh bheaga phlaisteacha nó atá fillte go mion

● Scragall agus spúnóga dóite, steallairí agus buidéil bheaga

● Substaint luibhe nó roisín donn soladach, briosc

● Toitíní stiallta

● Piollairí neamhghnácha, púdair nó leachtanna i gcainníochtaí beaga

● Boladh milis deataigh láidir Drugaí a mbaintear mí-úsáid astu in Éirinn

● Cannabas (Luibhe agus roisín)

● Hearóin (Démhoirfín)

● Cócaon

● Eacstais

● Amfataimíní

● Céataimín     

● Cnagchócaon     

● Cannaibionóidigh sintéiseacha (e.g. JWH 018)     

● Silicíbin (Beacáin dhraochta)     

● Benzylpiperazine     

● TMFPP     

●  Meatadón     

●  Meifeadrón     

●  Meiteadrón     

● Búitiolón     

● Fleifeadrón

● Meitiléindé-ocsaipireavailéarón

● Naifiorón

● Dimethocaine     

● Flourotropacocaine     

● GHB (gámahiodrocsabútaráit)    

● LSD (Aigéid líseirgigh)

An Dlí 

Is ionann drugaí a chur thart i measc cairde agus cion soláthair. Tá sé mídhleathach do theach nó d'áitreabh a úsáid le haghaidh mí-úsáid drugaí chomh maith. Is féidir le ciontú faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí tionchar a imirt ar ionchais fostaíochta sa todhchaí agus diúltaíonn go leor tíortha víosaí do dhaoine le ciontuithe drugaí. Is minic a dhéanfaidh mí-úsáid polasaithe árachais a neamhbhailiú, lena n-áirítear clúdach saoire, feithicle agus sláinte.

Cá háit is féidir liom cabhair a fháil?

Tá eolaire cuimsitheach d’alcól, drugaí agus seirbhísí gaolmhara ar fáil ag oifigí cur chun cinn sláinte ag na boird sláinte réigiúnacha éagsúla.

Uimhreacha Teileafóin Úsáideacha 

Líne Chabhrach Saorghlao Drugaí/ VEID 1800 459 459

Ionad Coireála Drugaí Shráid Bhagóid  01 6602189

Clinic Aisling, Gor na Silíní 01 620 6010

Clinic na Cathrach  01 8555310

Teach an Charnáin 01 4540021

Teach Domville 01 8620298

Tionscadal Ché na gCeannaithe 01 6790044

Cúirt na Tríonóide  01 6488600

An tSeirbhís Comhairliúcháin Náisiúnta Saorghlao  1800 235 234

Cóiríocht Éigeandála Saorghlao 1800 724 724

Láithreáin Ghréasáin Úsáideacha www.drugs.ie

Láithreán Gréasáin cuimsitheach faisnéise maidir le mí-úsáid drugaí www.hrb.ie/ndc

An bord taighde sláinte www.citywide.ie

Feachtas um ghéarchéim drugaí www.dtcb.ie

Bord um an Lárionad Cóireála Drugaí www.nacd.ie

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Dhrugaí www.emcdda.europa.eu

An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí www.hse.ie Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte