Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Roe, Declan

droe

Ainm: Roe, Declan

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 23595D

Stáisiún: Port Láirge

Blianta Seirbhíse: 8

Cúlra:
Rugadh Declan Roe ar an 23 Lúnasa 1962 i gCill Rátha Dairthí, an Daingean, Co. Uíbh Fhailí. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 7 Meán Fómhair 1983 agus nuair a bhí a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Charraig Mhacaire Rois, Co. Mhuineacháin é ar an 10 Feabhra 1984. Chaith sé tamall lonnaithe i nDún an Rí agus i Muineacháin freisin. Bhí Garda Roe pósta. Bhí an-suim aige sa pheil.

Cúinsí:

Ar 3.50am ar an 13 Iúil 1992, bhí carr patróil oifigiúil á thiomáint ag Garda Roe ar an bpríomhbhóthar Phort Láirge/Ros Mhic Thriúin agus é ag dul i dtreo Ros Mhic Thriúin nuair a bhí timpiste aige le gluaisteán eile. Tógadh Garda Roe go hOspidéal Réigiúnach Ard Caoin, áit ar fuair se bás de dheasca a ghortuithe.