Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Roche, William Anthony

wroche

Ainm: Roche, William Anthony

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 21738G

Stáisiún: Droichead Nua, Co Chill Dara

Blianta Seirbhíse: 12

Cúlra: Rugadh William Roche ar an 15 Meitheamh 1959 agus ba as Sráid na Sionainne, Maoin Rátha, Co. Laoise dó. Chaith sé tamall ag obair mar fhear beáir sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 5 Nollaig 1979. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Chill Ó Gráinse é ar an 9 Bealtaine 1980, agus chaith sé seal lonnaithe i gCeatharlach, i  Leithghlinn an Droichid, i gCill Dara agus i mBaile Riobaird freisin. Ní raibh Garda Roche pósta. Bhí an-suim aige sa pheil Ghaelach agus san iomáint.

Cúinsí:

Ar an 1 Lúnasa 1992, bhí timpiste bhóthair á fiosrú ag Garda Roche i mBaile Mhuiris Íochtarach, Droichead Nua, Co. Chill Dara nuair a bhuail feithicil eile ina choinne. Cailleadh é de dheasca a ghortuithe.