Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Roche, John

jroche

Ainm: Roche, John

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 4905

Stáisiún: Cé na hAontachta, Corcaigh

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra:
Rugadh John Roche ar an 11 Meitheamh 1905 i mBealach Beithe, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh. Tar éis dó seal a chaitheamh mar fheirmeoir, chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 11 Iúil 1923. Thaitin peil go mór leis. Chaith sé seal ina Gharda sna háiteanna seo a leanas: Cionn Átha Gad; Dún Guairne; Bóthar Chúrsa an Uisce; agus Sráid Mhic Curtáin, áit a raibh sé ina Chigire Bia & Drugaí, ina Chléireach, agus d’oibrigh sé i ngnáth-éadaí freisin sular aistríodh é go Brainse na mBleachtairí i gCé an hAontachta in 1937. Bhí Bleachtaire Garda Roche pósta.

Cúinsí:

Ar an 3 Eanáir 1940, bhí Bleachtaire Garda Roche ar dualgas ar Shráid Phádraig, Corcaigh, le roinnt comhghleacaithe leis. Chuaigh na Gardaí chun cainte le fear ar theastaigh uathu é a cheistiú faoi ghníomhaíochtaí coiriúla. Thóg an fear gunnán amach agus lámhachadh Bleachtaire Garda Roche. Tógadh Bleachtaire Garda Roche go hOspidéal na hOtharlainne Thuaidh, áit ar fuair sé bás ar an 4 Eanáir 1940 de dheasca a chréachtaí.