Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Reid, Paul Michael

preid

Ainm: Reid, Paul Michael

Grád: Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 20655E

Stáisiún: Bun na hAbhann, Co. Dhún na nGall.

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra:
Rugadh Paul Reid ar an 5 Eanáir 1956 i nDún Droma, Baile Átha Cliath 14. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 3 Lúnasa 1977. Cuireadh go Leitir Ceanainn é ar an 6 Eanáir 1978. Ceapadh é do Bhrainse na mBleachtairí ar an 28 Feabhra 1982 agus fuair sé ardú céime go Sáirsint ar an 20 Meitheamh 1990. D’fhág sé a bhean chéile Rosemarie ina dhiaidh agus triúr clainne: Aoife, Connor agus Eoghan a chuaigh sa Gharda Síochána freisin. Bhí Sáirsint Reid ina Gharda sna Carraigíní, in Átha an Mhuilinn, i mBun Cranncha agus i Muineachán freisin. Agus é ar dualgas iasachta le UNPROFPR, fórsa coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe, i Sairéavó in 1995, ceapadh é ina Riarthóir don cheantar sin.

Cúinsí:

Ar an 18 Bealtaine 1995, bhí Sáirsint Reid agus a chomhghleacaí Garda Philip Carr ag filleadh ó bheith ar dualgas monatóireachta síochána ag Aerfort Shairéavó.  Agus iad ag tiomáint trí Lána na Naoscairí (Snipers Alley) sa chathair, bhuail urchair naoscaire a ngluaisteán oifigiúil a d’imigh ó smacht agus a tuairteáladh. Gortaíodh Garda Philip Carr agus maraíodh Sáirsint Paul Reid.