Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

O’Sullivan, Timothy

tosullivan

Ainm: O’Sullivan, Timothy

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 6670

Stáisiún: Cill Rois, Co. an Chláir

Blianta Seirbhíse: 4

Cúlra:
Rugadh Timothy O’Sullivan ar an 27 Samhain 1896 agus ba as Sráid Nócha a hOcht, an Sciobairín, Co. Chorcaí dó. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 20 Márta 1925. Chaith sé tamall sna hÓglaigh (1917/1922), agus é ina Chaptaen ar Chomplacht “A”, 4ú Cathlán, 3ú Briogáid Chorcaí. In 1921, ghlac sé páirt i gcath Ros Ó gCairbre agus bhí sé ina Ghiúistís i gCúirt an Pharóiste ina bhaile dúchais, chomh maith le bheith ina mhaoirseoir do Bhord Sláinte Iarthar Chorcaí. D’éirigh sé as an dá phost sin in 1922 agus chuaigh sé san Arm Náisiúnta mar Chaptaen. Ní raibh Garda O’Sullivan pósta agus chaith sé tamall lonnaithe i dTrá Lí agus i gCill Gharbháin freisin.

Cúinsí:

Ar an 11 Meitheamh 1929, seachadadh nóta go Stáisiún Garda an Chnoic, Co. an Chláir agus ainm Bleachtaire Garda O’Sullivan air. Leagtar amach sa nóta go bhfuarthas bosca urchar agus páipéir i ngort i dTullach Cruinn in aice láimhe.  Chuaigh Bleachtaire Garda O’Sullivan go dtí an áit sin ar rothar agus i gcúinne an ghoirt, mar a bhí leagtha amach sa nóta, fuair sé an bosca. I bhfianaise na faisnéise a bhí sa nóta sin, thuig Bleachtaire Garda O’Sullivan gur féidir an bosca a oscailt go sábháilte. Tharraing sé an haspa agus tharla pléascadh. Gortaíodh Garda O’Sullivan go dona agus fuair sé bás dá bharr.