Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

O’Halloran, Patrick

pohalloran

Ainm: O’Halloran, Patrick 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 651

Stáisiún: Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin

Blianta Seirbhíse: 2

Cúlra: Rugadh Patrick O’Halloran, ar an 15 Bealtaine 1896, agus ba as Sráid Sheoirse, an Gort, Co. na Gaillimhe dó. Tar éis seal a chaitheamh ag obair mar fhear comharthaíochta ar Mhór-Iarnród an Deiscirt agus Mór-Iarnród an Iarthair, chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 31 Márta 1922. Bhí sé i mbriogáid áitiúil de na hÓglaigh (1920-1922). Bhí sé lonnaithe ar dtús i Sord agus sna Sceirí i mBaile Átha Cliath sular cuireadh go Bealach Conglais é. Ar an 13 Eanáir 1923, bhí Garda O’Halloran ar dhuine de cheathrar Gardaí nár ghéill do ghrúpa caoga fear a d’ionsaigh Stáisiún Garda Bhealach Conglais agus iad faoi airm le gróite agus oird. Ní raibh Garda O’Halloran pósta. 

Cúinsí:

Ar an 29 Eanáir 1924, bhí Garda O’Halloran ag gabháil thar bráid an Banc Náisiúnta i mBealach Conglais nuair a chuala sé go raibh achrann ar siúl istigh. Rith sé go doras an bhainc chun cabhrú agus fuair go raibh an doras boltáilte ar an taobh istigh. Shéid sé a fheadóg chun glaoch ar a chomrádaithe; chuala na robálaithe an fheadóg; d’fhág siad an foirgneamh agus chuaigh Garda O’Halloran sa tóir orthu. Bhí sé ag déanamh orthu nuair a chas duine de na robálaithe agus scaoil sé i neasraon ar Gharda O’Halloran. Maraíodh láithreach é.