Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

O’Driscoll, Thomas Michael

todriscoll

Ainm: O’Driscoll, Thomas Michael 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 10698

Stáisiún: An Cabhán

Blianta Seirbhíse: 3

Cúlra:
Rugadh Thomas O’Driscoll ar an 24 Lúnasa 1931, agus ba as 5 Plás Chaitríona, Luimneach dó. Chaith sé seal ag obair le Córas Iompair Éireann mar phóirtéir iarnróid agus chuir sé Cúrsa maidir le Nósanna Imeachta Garáiste agus Ceardlainne ag Gairmscoil Luimnigh. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 25 Bealtaine 1954 agus cuireadh go Stáisiún Garda Chill Chainnigh é. Chaith sé tamall lonnaithe sa Bhaile Dubh agus i mBaile Mhic Andáin freisin. Ní raibh sé pósta. Bhí an-suim ag Garda O’Driscoll i gcúrsaí sacair.

Cúinsí:

Maidin  Dé Céadaoin, an 22nd Eanáir 1958, bhí Garda O’Driscoll ag tiomáint charr oifigiúil an Gharda síochána ó Stáisiún Garda an Chabháin agus Garda eile in éineacht leis mar bhreathnóir. Bhí carr na nGardaí ag dul ó thuaidh ar an bpríomhbhóthair go dtí an pointe trasnaithe teorann i Log Uí Cheallaigh, Co. an Chabháin. Bhí na comhaltaí ag dul i mbun dualgais phatróil ar an teorann, ag obair ag seicphointí randamacha chun gníomhú in aghaidh chogaíocht an IRA. Ar 10.30am, bhí an carr patróil ag déanamh ar bhaile fearainn Carrarod, in áit ar a dtugtar Crois Mhic Fhionnáin, an Cnoc Rua, nuair a bhuail trucail beithíoch i gcoinne an chairr oifigiúil. Fuair Garda O’Driscoll bás ar an láthair de dheasca a ghortuithe.