Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

O’Donnell, John Gerard

jodonnell

Ainm: O’Donnell, John Gerard 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 6481

Stáisiún: Ceann Toirc, Co. Chorcaí

Blianta Seirbhíse: 15

Cúlra:
Rugadh John O’Donnell ar an 10 Meitheamh 1905 agus ba as Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall dó. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 29 Eanáir 1925. Lonnaíodh ar dtús é i Stáisiún Garda Chroisín, Co. an Chláir, agus i mBaile na Carraige agus i nGlasán, Co. na hIarmhí. Bhí Garda O’Donnell pósta agus bhí triúr leanaí aige. 

Cúinsí:

Ar an 19 Iúil 1940, bhí Garda O’Donnell ar an trá i mBaile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí nuair a thug sé faoi deara go raibh beirt chailíní i dtrioblóid san uisce agus chuaigh sé chun cabhrú leo. Tar éis na cailíní a tharrtháil, bádh Garda O’Donnell nuair a tháinig tonn mhór a scuab amach chun na farraige é.