Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

O’Connor, Declan Francis

doconnor

Ainm: O’Connor, Declan Francis 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 21517A

Stáisiún: Baile Munna, Baile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 4

Cúlra:
Rugadh Declan O’ Connor ar an 3 Aibreán 1959 in Áras Mhuire, Baile Anraí, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé in Arm na hÉireann sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 29 Samhain 1978. Chaith sé seal sna Fórsaí Cosanta Áitiúla freisin. Ní raibh sé pósta. Chaith sé tamall lonnaithe i Stáisiún Garda Carraig Mhachaire Rois freisin. Thaitin peil Ghaelach agus léitheoireacht go mór leis. 

Cúinsí:

Dé Máirt 17 Bealtaine 1983, bhí Garda Declan O’Connor ar dualgas gluaisrothair agus é ag taisteal le seoladh ó Stáisiún Garda Bhaile Munna go Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce. Ar 1.15pm, agus é ag tiomáint ar Bhóthar Bhaile Gall Thoir, sciorr a ghluaisrothar agus caitheadh ar an talamh é. Gortaíodh go dona é. Fuair Garda O’Connor bás Dé hAoine, an 10 Meitheamh 1983.