Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

O’Brien, Denis

dobrien

Ainm: O’Brien, Denis

Grád: Bleachtaire Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 8288

Stáisiún: Caisleán Bhaile Átha Cliath,

Blianta Seirbhíse: 9

Cúlra:
Rugadh Denis O’Brien ar an 17 Meitheamh 1899,ag 8 Sráid Pim, Baile Átha Cliath 8 agus d’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Shéamais. Agus é 17 mbliana d’aois, ghlac se páirt in Éirí Amach 1916 le Garastún Lána Mhuire Mhaith. Tar éis a bheith sa phríosún i nDún Richmond, Baile Átha Cliath, scaoileadh é toisc é a bheith faoi aois. In 1917, chuaigh sé ar ais i gComplacht ‘C’, 4ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath, agus tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir Patrick mar Oifigeach i gCeannas ar an gComplacht sin. Bhí sé i gceannas ar a Chomplacht le linn na tréimhse ar fad go dtí gur síníodh an Conradh. I ndiaidh an Chonartha, ghlac é féin agus a dheartháir an taobh Poblachtach agus throid siad sna Ceithre Cúirteanna. Gabhadh Denis agus imthreorannaíodh é i nDroichead Nua, Co. Chill Dara é go dtí 1924. D’oibrigh sé mar Chléireach Cuntasóireachta le Bord Soláthair an Leictreachais go dhí go ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 9 Lúnasa 1933. Cuireadh chuig Brainse na mBleachtairí é agus bhí sé ina bhall den rannóg ar a dtugtar na “Broy Harriers”. Fuair sé ardú céime go Bleachtaire Sáirsint ar an 15 Deireadh Fómhair 1937. D’fhág sé a bhean chéile, Anne agus a bheirt iníonacha Fiona agus Eitne ina dhiaidh.

Cúinsí:

Ar an 9 Meán Fómhair 1942, bhí Bleachtaire Sáirsint O’Brien ag fágáil a thí i mBaile Baodáin, Co. Bhaile Átha Cliath, nuair a rinneadh luíochán air. Lámhach scata fear faoi airm é agus maraíodh é.