Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Nolan, William

wnolan

Ainm: Nolan, William

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:11369 (Póilíní Chathair Átha Cliath)

Stáisiún: An Charraig Dhubh

Blianta Seirbhíse: 11 (Póilíní Chathair Átha Cliath san áireamh)

Cúlra:
Rugadh William Nolan ar an 5 Aibreán 1895 i gCnoc an Mhéidsir, Cúl an Chuilinn, Co. Chill Chainnigh. Chuaigh i bPóilíní Chathair Átha Cliath ar an 25 Meán Fómhair 1916, agus ansin bhí sé ina chomhalta den Gharda Síochána nuair a rinneadh an dá Fhórsa a chónascadh in 1925. Bhí Garda Nolan pósta agus bhí ceathrar clainne acu. Chaith sé seal lonnaithe i Sráid an Choláiste agus i gCill Ó Gráinse freisin. Ba dhuine de chúigear deartháireacha é a chuaigh sa Gharda Síochána.

Cúinsí:

Dé Domhnaigh an 19 Lúnasa 1928, bhí Garda Nolan ar dualgas pointe i Stigh Lorgan, Co. Bhaile Átha Cliath de bharr Rásaí Bhaile na Lobhar nuair a leag gluaisteán a bhí ag gabháil thart é. Fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin de dheasca a ghortuithe.