Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Nolan, Arthur

ArthurNolan2

Ainm: Nolan, Arthur

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 11993 (Póilíní Chathair Átha Cliath)

Stáisiún: Stáisiún Garda Brunswick (Sráid an Phiarsaigh anois)

Blianta Seirbhíse: 4 mhí

Cúlra: Rugadh Arthur Nolan ar an 9 Eanáir 1885. Chuaigh sé sna hÓglaigh in 1914 agus bhí sé ina bhall den Sean IRA, Briogáid Bhaile Átha Cliath, Complacht “E”, 4ú Cathlán. I mí Lúnasa 1922, cuireadh chuig an Rannóg um Imscrúdú Coiriúil é, lonnaithe i dTeach Oriel, Baile Átha Cliath. B’aonad póilíneachta frithcheannairce a chaith gnáth-éadaí é a bhí ag feidhmiú le linn an Chogaidh Chathartha. Ba bhaill den IRA cuid mhaith de phearsanra an aonaid sin. In 1923, díscaoileadh an Rannóg um Imscrúdú Coiriúil. Aistríodh an tUasal Nolan chuig Póilíní Chathair Bhaile Átha Cliath mar bhleachtaire. In 1925, rinneadh Póilíní Chathair Átha Cliath a chónascadh leis an nGarda Síochána. Bhí sá pósta agus bhí ochtar leanaí acu tráth a bháis.

Cúinsí:

Bhí Bleachtaire Garda Arthur Nolan ar dualgas i Stáisiún Garda Brunswick ar an 29 Feabhra 1924.  Ar a 9.30pm, tháinig fear, George Lane ó Phort Láirge, isteach sa stáisiún agus bhuail sé Bleachtaire Garda Nolan ar an ceann le tua.  Ansin, ghortaigh sé beirt Gharda eile sa Stáisiún.  Tógadh Bleachtaire Garda Nolan go hOspidéal Shráid Jervis, áit ar fuair sé bás ar an 11 Márta 1924 de dheasca a ghortuithe.