Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Mordaunt , George

gmordant

Ainm: Mordaunt, George

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 6712

Stáisiún: Caisleán Bhaile Átha Cliath,

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra: Rugadh George Mordaunt ar an 24 Meán Fómhair 1897 agus ba as 23 Sráid Eoin, na Cuithí Dubha, Baile Átha Cliath dó. Tar éis tamall a chaitheamh mar gharda iarnróid, chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 26 Márta 1925. Bhí sé in Óglaigh na hÉireann (1919-1922) agus i gComplacht ‘D’, 2ú Cathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina cheathrúsháirsint san Arm Náisiúnta (1922-1925) sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána. Bhí Garda Mordaunt pósta agus bhí beirt clainne acu. Chaith sé seal ina Gharda sa Charraig Dubh, i Sráid an Phiarsaigh, i Snaidhm agus i gCluain Tarbh.

Cúinsí:

Ar an 24 Deireadh Fómhair 1942, mar chuid d’imscrúduithe leanúnacha i mórghníomhaíochtaí coiriúla, bhí Bleachtaire Garda Mordaunt le grúpa Gardaí a chuaigh go Bóthar an Chuilinn, Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath chun scata fear a bhí ag teastáil uathu a ghabháil.  Díreach sular tháinig na Gardaí, bhí na fir tar éis éalú ón teach agus tharla go raibh Bleachtaire Garda Mordaunt scartha óna gcomrádaithe agus na fir á gcuardach acu.  Tugadh faoi deara sula i bhfad go raibh sé ar iarraidh agus nuair a cuardaíodh é, fuarthas a chorp i ngairdín teach éigin ar shráid in aice láimhe.  Gortaíodh Garda Mordaunt go marfach le harm tine.