Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McMahon, John

jmcmahon

Ainm: McMahon, John

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:15062B

Stáisiún: Ceatharlach

Blianta Seirbhíse: 27

Cúlra:
Rugadh John McMahon ar an 19 Aibreán 1942 agus ba as Baile na nGall, an Gleann, Co. Luimnigh dó. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 3 Deireadh Fómhair 1962. Chaith sé seal lonnaithe i mBaile Átha Í, i mBalana, i Míseal agus i nDíseart Diarmada. Bhí Garda McMahon pósta agus bhí duine amháin clainne acu. Bhí an-suim aige i gcúrsaí Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste na Roinne áitiúil. 

Cúinsí:

Ar 12.10am, Dé Sathairn an 27 Eanáir 1990, bhí Garda McMahon agus comhghleacaí leis ag fiosrú damáiste choiriúil a rinneadh d’fhuinneog ag Óstán an Carlow Lodge. Ag Morterstown, Bóthar Chill Chainnigh, Ceatharlach, bhí an bheirt Ghardaí ina seasamh amuigh ar an ngualainn chrua ar thaobh an bhóthair ag labhairt le triúr maidir leis an teagmhas. Bhuail gluaisteán ó threo Chill Chainnigh i gcoinne cuid den ghrúpa. Gortaíodh Garda McMahon go dona agus fuair se bás ar an láthair.