Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McLoughlin, Gary

gmcloughlin

Ainm: McLoughlin, Gary

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:31917A

Stáisiún: Bun Cranncha

Blianta Seirbhíse:4

Cúlra:
Rugadh Gary McLoughlin, mac le hÚna agus Noel McLoughlin ar an 26 Iúil 1985. Ba as Fionach, Co Liatroma dó. Chuaigh Gary sa Gharda Síochána ar an 1 Lúnasa 2005. Bhí sé lonnaithe i Stáisiún Garda Mhuineacháin le linn a oiliúna agus nuair a bhí an tréimhse sin curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Bhun Cranncha á in 2006. Ní raibh Garda McLoughlin pósta.

Cúinsí:

Oíche Dé Sathairn, an 12 Nollaig 2009, bhí Garda McLoughlin ar dualgas agus é ag tiomáint an chairr phatróil. Bhí Garda Bernard McLoughlin in éineacht leis. Go luath maidir Domhnaigh, an 13 Nollaig 2009, d’fhreagair siad glaoch go raibh gluaisteán á thiomáint go hamhrasach. Le linn a bpatróil, bhuail an gluaisteán sin i gcoinne an Chairr Phatróil agus gortaíodh Garda Gary McLoughlin go dona. Tógadh go hOspidéal Leitir Ceanainn é, áit ar fuair sé bás Dé Luain an 14 Nollaig 2009.