Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McKeown, Patrick

pmckeown

Ainm: McKeown, Patrick 

Grád: Bleachtaire Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 11919 (DMP)

Stáisiún: Caisleán Bhaile Átha Cliath,

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra:
Rugadh Patrick McKeown ar an 9 Aibreán 1901 i gClea, an Céide, Co. Ard Mhaca. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 13 Iúil 1923. Ceapadh é do Bhrainse na mBleachtairí ar an 22 Meán Fómhair 1933 agus fuair sé ardú céime go Bleachtaire Sáirsint ar an 25 Meán Fómhair 1939. Ní raibh sé pósta. D’oibrigh Bleachtaire Sáirsint McKeown sa Charraig Dubh agus i nDún Laoghaire freisin. 

Cúinsí:

Go gairid ina dhiaidh 8am ar an 16 Lúnasa 1940, rinne grúpa ina raibh 5 Bhleachtaire ar a laghad ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, faoi Bhleachtaire Sáirsint Patrick McKeown, cuardach in áitreabh ar Bhóthar Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, faoi fhorálacha an Achta um Chionta in aghaidh an Stáit, 1939.  Tar éis dul isteach san áit, scaoileadh go tobann ar an ngrúpa ó áit laistiar de landair.   Fuair Bleachtaire Sáirsint McKeown bás de dheasca a chréachtaí ar an 17 Lúnasa 1940. Maraíodh Bleachtaire Garda Hyland láithreach. Gortaíodh ball eile, Bleachtaire Garda Brady, go dona.