Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McGeehan, Patrick

pmcgeehan0001

Ainm: McGeehan, Patrick 

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 7794

Stáisiún: Sligeach

Blianta Seirbhíse: 3

Cúlra:
Rugadh Patrick McGeehan ar an 11 Feabhra 1904, i dTaobh an Mhuilinn, Baile na Finne, Co. Dhún na nGall. Chaith sé tamall san Arm Náisiúnta (1922-1928). Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 17 Bealtaine 1928. Ní raibh sé pósta. Chaith Bleachtaire Garda McGeehan seal lonnaithe i gClais Mhór agus i gCoill an Chaoich freisin.

Cúinsí:

Ar an 14 Feabhra 1932, bhí Bleachtaire Garda McGeehan ar dualgas cosanta le Patrick Reynolds, T.D., Béal an Átha Móir, Co. Liatroma. Ar a theacht abhaile dó an lá sin, thug gunnadóir aghaidh ar an Uasal Reynolds agus scaoil sé ar an TD i neasraon. Chuaigh Bleachtaire Garda McGeehan i ngleic leis an ionsaitheoir chun an tUasal Reynolds a chosaint. Lámhach an gunnadóir é agus maraíodh é.