Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McCarthy, Eugene

emccarthy2

Ainm: McCarthy, Eugene

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:7912

Stáisiún: Cé na hAontachta, Corcaigh

Blianta Seirbhíse:2

Cúlra:
Rugadh Eugene McCarthy ar an 15 Lúnasa 1908 i nDúras, Beanntraí, Co. Chorcaí. Bhí sé ina shiúinéir sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 6 Márta 1930. Chaith sé seal lonnaithe i nGleann Bodhar, Co. Thiobraid Árann, agus sa Phasáiste Thiar, Corcaigh, freisin. Ba dhuine de bheirt dheartháireacha é a chuaigh sa Gharda Síochána. Ní raibh Garda McCarthy pósta. 

Cúinsí:

Ar an 8 Eanáir 1933, thit fear isteach san abhann ag Cé Sheoirse, Corcaigh. Na chéad daoine a tháinig ar an láthair ná Garda McCarthy agus beirt fhear de bhunadh na háite i mbád rámhaíochta beag. D’éirigh le Garda McCarthy agus na fir an duine a tharraingt isteach sa bhád.  Le linn dó a aistriú go mótarlainse, d’iompaigh an bád rámhaíochta sa chuisle láidir agus caitheadh an ceathrar acu isteach san uisce.  Le cabhair ó dhaoine eile a bhí i láthair, caitheadh baoithe tarrthála chucu agus tarrtháladh gach duine acu ach amháin Garda McCarthy arbh shnámhaí maith é. Fuarthas a chorp tamall gairid ina dhiaidh sin.