Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McCallion, Robert

Robbie Mc Callion

Ainm: McCallion, Robert

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 31285A

Stáisiún: Leitir Ceanainn

Blianta Seirbhíse: 4

Cúlra: Rugadh Robert McCallion ar an 9 Lúnasa 1979 agus ba as Bóthar na Páirce, Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo dó. Ba mhac le Garda é agus d’oibrigh sé le Corrib Oil sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána, faoi mar a rinne deartháir, uncailí agus col ceathrar leis, ar an 7 Feabhra 2005. Bhí an-spéis aige sa Chlub CLG áitiúil i mBéal Átha na Muice. D’imir sé peil faoi aois le Maigh Eo agus tháinig sé ar an bpáirc freisin le foireann sinsir Mhaigh Eo. Ní raibh sé pósta. 

Cúinsí:

Ar maidin ar an 26 Márta 2009, nuair a bhí Garda Robert McCallion agus beirt chomhghleacaí leis ar dualgas, glaodh amach go Cúirt na Teamhrach, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall iad. Agus iad ag déileáil leis an teagmhas sin, thug na Gardaí faoi deara go raibh gluaisteán ag teacht ar ardluas. Buaileadh Garda McCallion agus gortaíodh go dona é.  Tugadh go hOspidéal Beaumont, Baile Átha Cliath é, áit ar fuair sé bás  de dheasca a ghortuithe ar an 7 Aibreán 2009.