Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McCabe, Jeremiah Desmond

jmccabe

Ainm: McCabe, Jeremiah Desmond 

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe:15860G

Stáisiún: Sráid Anraí, Luimneach

Blianta Seirbhíse:31

Cúlra:
Rugadh Jeremiah (Jerry) McCabe ar an 22 Samhain 1943, ar Shráid an Droichid, Baile Longfoirt, Co. Chiarraí. Chaith sé tamall ina mheicneoir agus chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 9 Meán Fómhair 1964. Ar an 21 Bealtaine 1973, ceapadh do Bhrainse na mBleachtairí é. Bhí sé pósta agus bhí cúigear clainne acu. Chaith sé seal lonnaithe in dhá stáisiún eile i Luimneach freisin (Sráid Uí Chomhraí; Sráid Liam) agus i nDún Droma, Co. Thiobraid Árann. Bronnadh Bonn Ór Scott ar Bhleachtaire Garda McCabe i ndiaidh a bháis ar an 6 Iúil 2000.

Cúinsí:

Ar maidin ar an 7 Meitheamh 1996 bhí Bleachtaire Garda McCabe agus comhghleacaí leis, Bleachtaire Garda Ben O’Sullivan, ar dualgas agus tionlacan á dhéanamh acu ar thrucail oifig phoist a bhí ag seachadadh airgid in Áth Dara, Co. Luimnigh. Bhí an bheirt Gharda faoi airm. Díreach roimh 7am, stop an trucail in Áth Dara agus stop an carr patróil gar di. Agus an tiománaí trucaile ag fáil réidh chun an post a dhílódáil, tháinig jíp de chuid an IRA Shealadaigh ar lánluas agus bhuail sé i gcoinne chúl charr phatróil gan mharcáil na mbleachtairí. Laistigh de chúpla soicind, tháinig cúigear ball eile den IRA Sealadach ar an láthair i ngluaisteán eile, agus thosaigh siad ag scaoileadh ar ghluaisteán na mbleachtairí. Maraíodh Bleachtaire Garda McCabe agus gortaíodh Bleachtaire Garda O’Sullivan go dona.