Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Masterson, Sean (John)

smasterson

Ainm: Masterson, Sean (John) 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 14676E

Stáisiún: Caisleán Bhaile Átha Cliath (Trácht)

Blianta Seirbhíse: 8

Cúlra:
Rugadh Sean (John) Masterson ar an 2 Meán Fómhair 1941 i mBaile an tSrutháin, Co. na hIarmhí. Bhí sá sna Fórsaí Cosanta Áitiúla ó 1957 go dtí 1961 agus chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 19 Aibreán 1961. Chaith Garda Masterson seal lonnaithe i Stáisiún an Gharda Síochána ar Bhóthar Ghrianréime agus i gCromghlinn freisin. Bhí sé pósta agus d’fhág sé a bhean chéile, a iníonacha agus a aonmhac nach raibh ach sé seachtaine nuair a cailleadh a athair. 

Cúinsí:

Ar an 26 Eanáir 1970, bhí Garda Masterson ar dualgas mar ghluaisrothaí oifigiúil.  Bhí imbhualadh aige ar Bhóthar an Náis, Baile Átha Cliath.  Fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin de dheasca na ngortuithe a fuair sé san imbhualadh.