Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

MacNeill, Brian (Barney) A.

bmcneill

Ainm: MacNeill, Brian (Barney) A. 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 12689F

Stáisiún: Baile Chathail

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra: Rugadh Brian MacNeill ar an 31 Márta 1930 in Uimhir 2 Millbrook, Cluain Eois, Co. Mhuineacháin. Agus é tar éis a bheith ag obair le Phillips Hamilton Teo. i nGlaschú, chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 11 Bealtaine 1955. Chaith sé tréimhse lonnaithe i Mainistir na Búille, i gCill Chonla agus i mBaile an Róba freisin.  Bhí Garda Nolan pósta agus bhí seachtar leanaí acu.

Cúinsí:

Ar12.20am ar an 23 Deireadh Fómhair 1972, agus dualgas seicphointe á dhéanamh ag Garda MacNeill agus Sáirsint Michael Honeyman ar Shráid na Beairice, Baile Chathail, Co. Mhaigh Eo, bhuail gluaisteán a bhí ag teacht ar luas i gcoinne Gharda MacNeill. Cailleadh níos déanaí an mhaidin chéanna é de dheasca gortuithe cinn tromchúiseacha.