Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Linehan, John Edward

jlinehan

Ainm: Linehan, John Edward 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:24015L

Stáisiún: Dún Droma, Baile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse:8

Cúlra:
Rugadh John (Sean) Linehan ar an 24 Márta 1963 i bPáirc Montenotte, Cathair Chorcaí. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 30 Bealtaine 1984, tar éis dó seal a chaitheamh ina chléireach oifige. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Dhún Droma é ar an 2 Samhain 1984. Bhí Garda Linehan pósta. Ní raibh aon chlann acu. Bhí suim aige i gcluichí lasmuigh ach an caitheamh aimsire ab fhearr a bhí aige ná an giotár a sheinm.

Cúinsí:

Ar an 9 Meitheamh 1992, bhí Garda Linehan ag glacadh páirt i gcúrsa oiliúna oifigiúil do ghluaisrothair.  Ag Cluain Con, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, bhí gluaisrothar Gharda Linehan in imbhualadh. Tógadh go dtí an tOspidéal Ginearálta i dTulach Mhór é, áit ar fuair sé bás de dheasca a ghortuithe.