Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Lawn, Thomas J. A.

Tlawn

Ainm: Lawn, Thomas J. A. 

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 21096L

Stáisiún: An Tascfhórsa Speisialta, Cearnóg Fhearchair

Blianta Seirbhíse: 5

Cúlra:
Rugadh Thomas Lawn, mac le Edward agus Marie Lawn, ar an 9 Márta 1956 i mBéal Átha Seannaidh, Co. Dhún na nGall. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 15 Feabhra 1978. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo é ar an 21 Iúil 1978. Ceapadh do Bhrainse na mBleachtairí é ar an 16 Aibreán 1982, tar éis dó seal a chaitheamh lonnaithe i gCill na Seanrátha agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath freisin. Ní raibh Bleachtaire Garda Lawn pósta. Bhí an-suim aige i gcúrsaí CLG, i mbadmantan, i sacar agus sa lúthchleasaíocht freisin.

Cúinsí:

Ar an 27 Aibreán 1983, bhí Bleachtaire Garda Lawn ar dualgas, mar bhreathnóir, i gcarr patróil oifigiúil gan mharcáil nuair a tharla imbhualadh ag Ascaill Uí Ghríofa, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Gortaíodh Bleachtaire Garda Lawn go marfach.