Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Lawless, Michael Joseph

mlawless

Ainm: Lawless, Michael Joseph 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:17751B

Stáisiún: Bun Dobhráin, Co. Dhún na nGall

Blianta Seirbhíse:22

Cúlra:
Rugadh Michael Padden ar an 6th Bealtaine 1951 sa Cheathrú Chaol, Cill Tulach, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 2 Meán Fómhair 1970, bhí sé sna Fórsaí Cosanta Áitiúla. Bhí sé pósta agus bhí naonúr clainne acu. Bí ról gníomhach ag Garda Lawless i gCumann Ionadaíochta an Gharda Síochána agus bhí sé ina chomhalta do Dhún na nGall ar an Lárchoiste Feidhmiúcháin ó bhí 1984 ann. Bhí sé lonnaithe i mBun Dobhráin sula fuair sé bás ach chaith sé seal lonnaithe sna háiteanna seo a leanas freisin: an Cóbh; Caisleán na Finne; Bealach Féith; Leitir Ceanainn; agus Béal Átha Seannaidh.

Cúinsí:

Ar an 20 Eanáir 1993, bhí Garda Lawless ag taisteal ón theach féin i mBéal Átha Seannaidh go Baile Átha Cliath chun freastal ar chruinniú de Lárchoiste Feidhmiúcháin Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána. Ar imeall Chliafuine, Co. Shligigh, bhí imbhualadh idir a ghluaisteán féin agus gluaisteán a bhí ag teacht ina choinne. Cailleadh ar an láthair é.