Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Lally, John Martin

jlally

Ainm: Lally, John Martin 

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe:17992B

Stáisiún: Carraig Mhacaire Rois, Co. Mhuineacháin

Blianta Seirbhíse:1

Cúlra: Rugadh John Lally ar an 30 Deireadh Fómhair 1951 ar an tSráid Mheiriceánach, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 8 Meán Fómhair 1971. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Charraig Mhacaire Rois, Co. Mhuineacháin é ar an 24 Márta 1972. Ní raibh Garda Lally pósta. Bhí suim aige sa liathróid láimhe, sa pheil, rince agus sa phictiúrlann. 

Cúinsí: Ar an 5 Bealtaine 1973, bhí Garda Lally ar dualgas seicphointe ar Bhóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Dún Dealgan, Co. Lú nuair a bhuail feithicil a bhí ag gabháil thart é. Cailleadh é de dheasca a ghortuithe.