Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Hennelly, Walter James

whennelly

Ainm: Hennelly, Walter James

Céim: Garda

Uimhir Chláraithe: 18137D

Stáisiún: Edward Street, Limerick

Blianta Seirbhíse: 2

Cúlra: Rugadh Walter Hennelly, mac le Patrick agus Nellie Hennelly, ar an 30 Meitheamh 1951. Ba as an Chraobh, Bréachmhaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo dó. Tar éis tamall a chaitheamh mar bhainisteoir faoi oiliúint, chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 23 Feabhra 1972. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go hÓ Méith é. Ar an 30 Meitheamh 1972, cuireadh go Stáisiún Garda Shráid Eadbháird, Luimneach é. Ní raibh Garda Hennelly pósta. Thaitin peil Ghaelach, rugbaí agus cispheil leis mar chaitheamh aimsire.

Cúinsí:

Ar an 13 Bealtaine 1974, bhí Garda Hennelly ar dualgas seicphointe ar Shráid Mulgrave, ag acomhal Bhóthar Thiobraid Árann agus Bhóthar an Bhrú, nuair a bhuail gluaisteán a bhí ag gabháil thart é. Tógadh Garda Hennelly go hOspidéal Barrington, áit ar fuair sé bás de dheasca a ghortuithe.