Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Fallon, Richard Christopher

rfallon

Ainm: Ó Fallúin, Risteard Criostóir

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 9936

Stáisiún: Muinseo, Baile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 22

Cúlra: Ba as An Móinín, Coill na Rúscaí, Contae Ros Comáin do Risteard Ó Fallúin a rugadh ar an 18ú Nollaig 1926. D’fhág sé an fheirmeoireacht chun dul isteach sa Gharda Síochána ar an 5ú Samhain 1947. Bhí an ghardaíocht sa chúlra ag Riosteard Ó Fallúin; d’fhóin ceathrar dá dheartháireacha sa Gharda Síochána agus d’fhóin a sheanathair le Constabla Ríoga na hÉireann. Bhí cúigear clainne ag an nGarda Ó Fallúin agus bronnadh an Bonn Óir Scott air tar éis a bháis ar an 14ú Meitheamh 1972 ag searmanas bronnta speisialta a tionóladh mar chuid de chomóradh 50 bliain An Garda Síochána.

Cuinsí: Ar maidin an 3ú Aibreán 1970 robáil triúr fhear armtha Banc Ríoga na hÉireann ag Cé Árann, Baile Átha Cliath. Ar shroichint na lathrach don Gharda Ó Fallúin, maraon lena bheirt chomhleacaí, an Garda Pól Firth agus an Garda Pádraig Ó Fiachra, thángadar i láthair na robálaithe. Le linn do na Gardaí gluaiseacht i dtreo na robálaithe scaoil na triúr robálaithe urchar go leanúnach ina dtreo. Rinne an Garda Ó Fallúin iarracht an robálaí in aice leis a ghabháil ach lámhaigh duine de na robálaithe eile é agus bhí sé gointe go marfach.