Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Quaid, Seamus

squaid

Ainm: Quaid, Seamus

Grád: Bleachtaire Garda

Uimh. Chlár.:  13497G

Stáisiún: Loch Garman

Blianta Seirbhíse: 22

Cúlra:

Ba as Baile na Coille, Caisleán Maí Tamhnach, Co. Luimneach é. Rugadh é ar 16 Samhain, 1937. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar 22 Bealtaine, 1958. Ceapadh é sa Bhrainse Bleachtaireachta ar 27 Bealtaine 1979. Bhí sé ina iománaí mór le rá, a d’imir le Faythe Harriers. Bhuaigh sé bonn chraobh na hÉireann san Iománaíocht Shinsearach le Loch Garman i 1960. Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne aige. Bronnadh an Bonn Óir Scott air, iarbháis, ar 16 Nollaig, 1982.

 Cúinsí:

Ar 13 Deireadh Fómhair, 1980, la inár tharla dhá ruathar airm ar bhainc i gCallainn, Co. Chill Chainnigh, bhí Bleachtaire Garda Quaid agus a chomhghleacaí i mbun fiosrúcháin i dtaobh na robálacha, i gceantar Loch Garman áit a raibh an bheirt acu lonnaithe. Mall tráthnóna stop siad veain ag Cairéal Bhaile Uí Chonaic, gar do Bhaile de Cléir. Ba bhall den IRA Sealadach é an tiománaí, a bhí ar aithne ag an mBleachtaire Garda Quaid. Ba as Béal Feirste é ó dhúchas agus bhí cónaí air sa cheantar áitiúil. Nuair a rinne na Gardaí iarracht an veain  a chuardach, veain ina bhfuarthas pléascáin ina dhiaidh sin, go tobann, tharraing an tiománaí gunna. D’éiligh sé orthu é a ligean saor, agus chaith sé urchar thar a gcinn. Tharraing Bleachtaire Garda Quaid a ghunna. Thug siad malairt urchar dá chéile. Gortaíodh fear an ghunna sa chos chlé le linn iarracht bac a chur air. Scaoil fear an ghunna Bleachtaire Garda Quaid, a fuair bás de bharr na ngortuithe a fuair sé. 

.