Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Joyce, Michael

mjoyce

Ainm: Joyce, Michael

Céim: Sergeant

Uimhir Chláraithe: 6587

Stáisiún: Ballylinan, Co. Laois

Blianta Seirbhíse: 42

Cúlra: Rugadh Michael Joyce ar an 26 Samhain 1905 i gCnoc Chill an Fhraoigh, Uachtar Aird, Co. na Gaillimhe. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 19 Feabhra 1925. Ar an 27 Márta 1939, fuair sé ardú céime go Sáirsint agus d’oibrigh sé i Leithghlinn an Droichid, an Coláiste, Sráid Chaoimhín, Ros Ó gCairbre, Lothra, Lios an Phúca, agus Ros Dumhach. Bhí Sáirsint Joyce pósta agus bhí duine amháin clainne acu a fuair bás roimhe féin.

Cúinsí: Ar an 21 Nollaig 1967, bhí Sáirsint Joyce agus comhghleacaí leis ag taisteal i gcarr patróil oifigiúil go dtí an post custam i gCarrickarnon, Co. Lú chun príosúnach a bhí ina ábhar d’imeachtaí eiseachadta a ghabháil ar láimh. Gar do Bhaile an Ridire, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath tharla imbhualadh idir an carr patróil agus feithicil eile. Cailleadh Sáirsint Joyce de dheasca na ngortuithe a fuair sé sa tionóisc.