Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Jones, Ciarán

Ciaran Jones

Ainm: Jones, Ciarán

Céim: Garda

Uimhir Chláraithe: 34104E

Stáisiún: Stepaside

Blianta Seirbhíse: 3

Cúlra: Rugadh Ciarán Jones ar an 3 Samhain 1986 in Áth Dúin, Cill Bhríde, Co. Chill Mhantáin. Chuaigh sé sa Gharda Síochána i mí Mheán Fómhair 2008 agus chaith sé seal lonnaithe i Stáisiún Gardaí Dhún Droma agus i Stáisiún Gardaí na Céime freisin. Bhí an-dúil aige sa lúthchleasaíocht agus b’imreoir peile aitheanta é le Club Peile Chill Bhríde agus ag an leibhéal idirchontae le Peileadóirí Sinsir Chill Mhantáin.

Cúinsí: Ar an 24 Deireadh Fómhair 2011, i ndrochaimsir, chuaigh Garda Ciarán Jones chun cabhrú le tiománaithe a bhí i gcruachás gar do Dhroichead Bhuaile na Smután, Cill Bhríde, Co. Chill Mhantáin, áit atá gar go leor dá theaghlach féin.  Agus Garda Jones ag iarraidh rabhadh a thabhairt do thiománaithe faoi na cúinsí dainséaracha, chuir cumhacht an uisce dá bhoinn é agus scuabadh chun bealaigh sa tuile é.  D’ainneoin iarrachtaí a chomhghleacaithe agus oibrithe deonacha áitiúla, ní fuarthas corp Gharda Jones go dtí an mhaidin dár gcionn, thart ar 5 chiliméadar níos faide síos an abhainn.