Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Harrington, Denis

denisharrington

Ainm: Ó hArrachtáin, Donncha

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 4034

Stáisiún: An tAonach, Contae Thiobraid Árann

Blianta Seirbhíse: 21

Cúlra: Ba as Meenalla, Oileán Ciarraí, Contae Chiarraí do Dhonncha Ó hArrachtáin a rugadh ar an 27ú Márta 1900. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 12ú Aibreán 1923. D’fhóin sé sna hÓglaigh (1916-1922). Bhí an Garda Ó hArrachtáin pósta le ceathrar clainne, d’fhóin sé freisin i dTuar na Fola, in Áth an tSléibhe, i mBaile an Fhaoitigh agus i Muileann na hUamhan.

Cuinsí:

Ag 10.25 r.n. ar an 17ú Aibreán 1944 bhí an Garda Ó hArrachtáin ar dualgas i Stáisiún na nGardaí, An tAonach, nuair a tháinig chuige Garda eile sa stáisiún le gunnán agus lámhaigh sé an Garda Ó hArrachtáin. Fuair an Garda Ó hArrachtáin bás ar an toirt agus ansin lámhaigh an Garda é féin.