Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Hand, Frank

fhand

Ainm: Mag Laithimh, Frainc

Céim: An Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 20594L

Stáisiún: CDU, Cearnóg Fhearchair

Blianta Seirbhíse: 7

Cúlra: Ba as Ard Maoláin, An Currach Buí, Baile Átha Luain, Contae Ros Comáin, do Fhrainc Mag Laithimh, a rugadh ar an 29ú Lúnasa 1957. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 20ú Iúil 1977. Cuireadh go Stáisiún na nGardaí, An Domhnach Broc, é ar chríochnú a chuid traenála dó. Ceapadh i Lár Aonad na mBleachtairí é ina dhiaidh sin ar an 16ú Aibreán 1982. Bhí an Bleachtaire Garda Mag Laithimh pósta agus maireann a bhean chéile agus aon iníon amháin leis. Bronnadh an Bonn Óir Scott ar an mBleachtaire Mag Laithimh ar ar an 4ú lá de Nollaig 1986 tar éis a bháis.

Cuinsí:

Ar mhaidin an 10ú Lúnasa 1984, bhí an Bleachtaire Garda Mag Laithimh agus comhleacaí leis, an Bleachtaire Garda Mícheál Ó Dúda,  ar dualgas i gcarr patróil gan suaitheantais mar thionlacan armtha do chóiste poist de chuid Oifig an Phoist. Nuair a stop an dhá fheithicil taobh amuigh d’Oifig an phoist Dhroim Rí, Contae na Mí, chun an seachadadh a dhéanamh, tháinig aonad armtha de chuid an I.R.A. Sealadach ar an bhfód. Bhí malartú lamhach gunnaí idir na robálaithe agus na Gardaí agus gortaíodh na Bleachtaire Gardaí Mag Laithimh agus Ó Dúda. Fuair an Bleachtaire Garda Mag Laithimh bás dá chuid gortaithe.